APEWS
Modheolaíocht nuálach a bhfuil duaiseanna buaite aici is ea an Córas um Mí-úsáid a Thuar agus Réamhrabhadh a Thabhairt (APEWS) atá bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh ar phatrúin a bhaineann le clárúcháin ainmneacha fearainn. Déanann sé an dóchúlacht go ndéanfar ainm fearainn a úsáid ar bhealach mí-úsáideach a thuar.
Má aithníonn an córas ainm fearainn cláraithe a d'fhéadfadh bheith nasctha le mí-úsáid, cuirtear moill ar a tharmligean i gcomhad creasa .eu agus taispeántar a stádas sa WHOIS gréasánbhunaithe mar “Coinneáil Freastalaí”.
Tá an t-ainm fearainn cláraithe. Mar sin féin, ní fheidhmeoidh aon seirbhís atá nasctha leis (amhail láithreán gréasáin, ríomhphost nó aon seirbhís eile) nó go mbeidh ár nós imeachta fíoraithe curtha i gcrích.
Athbhreithníonn EURid de láimh na hainmneacha fearainn go léir a bhfuil moill ar a gcuid tarmligin mar thoradh ar chóras APEWS. Iarraimid ar an sealbhóir fearainn a shonraí nó a sonraí clárúcháin a dheimhniú agus fianaise ar a aitheantas nó ar a haitheantas a chur isteach. Mar thoradh ar an bpróiseas athbhreithnithe, d'fhéadfaí an t-ainm fearainn a tharmligean i gcomhad creasa .eu nó é a chur ar fionraí. Má chuirtear an t-ainm fearainn ar fionraí agus má dhéantar é a aistarraingt ina dhiaidh sin, cuirfear ar fáil é i gcomhair clárúchán nua ar bhealach tráthúil.
Chun teacht ar thuilleadh eolais faoi APEWS, féach ar na foilseacháin eolaíochta seo a leanas (nach bhfuil ar fáil ach amháin i mBéarla):
- Detection of Algorithmically Generated Domain Names used by Botnets: A Dual Arms Race.
- Exploring the ecosystem of malicious domain registrations in the .eu TLD
- Assessing the Effectiveness of Domain Blacklisting Against Malicious DNS Registrations.
- An Operational Solution for DNS Registries to Prevent Malicious Domain Registrations
Má tá aon cheisteanna agat maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag EURid, léigh ár mBeartas Príobháideachta.
Chun úsáideoirí deiridh a chosaint ar mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as ainmneacha fearainn a bhaineann le héigeandáil reatha COVID-19 (coróinvíreas), tá EURid tar éis an Córas APEWS a nuashonrú chun seiceálacha breise a dhéanamh ar ainmneacha fearainn nuachláraithe ina bhfuil eochairfhocail a bhaineann leis an bpaindéim.
Beidh ar Chláraithe ainmneacha fearainn ina mbraitear eochairfhocail a gcuid sonraí a bhailíochtú agus ráiteas a chur isteach ina ndeimhnítear go ndearnadh a n-ainm fearainn a chlárú ‘de mheon macánta’ taobh istigh de sheacht (7) lá. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Tá treoracha faoina bhfuil le déanamh nuair a fhaigheann tú ríomhphost maidir le bailíochtú sonraí clárúcháin ó EURid ar fáil anseo.