Aighnis a bhaineann le hAinmneacha Fearainn
Teagmháil a dhéanamh le sealbhóir ainm fearainn
Más mian leat teagmháil a dhéanamh le sealbhóir ainm fearainn ar leith, féadfaidh tú a sonraí teagmhála a fháil ón WHOIS gréasánbhunaithe.
Torthaí cuardaigh do chuideachtaí in aghaidh daoine príobháideacha
Más cuideachta nó eagraíocht é an sealbhóir, feicfidh tú ainm na cuideachta/na heagraíochta, an chathair, an tír, an seoladh ríomhphoist, agus an teanga thosaíochta i gcomhair comhfhreagrais.
Más duine príobháideach é an sealbhóir, ní fheicfidh tú ach a sheoladh/seoladh ríomhphoist agus an teanga thosaíochta i gcomhair comhfhreagrais. Tá na sonraí pearsanta eile ar fad folaithe ar mhaithe le cúrsaí príobháideachta.
Le haghaidh tuilleadh eolais, seiceáil ár mbeartas WHOIS.
Sonraí pearsanta a iarraidh
Má tá cúis dhlisteanach agat chun sonraí teagmhála breise a iarraidh seachas na cinn a chuirtear ar fáil tríd an WHOIS gréasánbhunaithe, comhlánaigh an fhoirm iarratais agus seol ar ríomhphost í chuig [email protected] (nó ar facs chuig +32 2 401 27 51). Ní mór go míneofaí i d’iarratas an chúis a dteastaíonn sonraí teagmhála an tsealbhóra uait agus an chaoi a bhfuil sé i gceist agat iad a úsáid.
Déantar nochtadh sonraí pearsanta a bhainistiú ar bhonn an Bheartais Príobháideachta.
Ainm fearainn a dhíospóid
Más mian leat clárúchán ainm fearainn (faoi .eu nó faoina chuid malartacha i dteangacha eile) a dhíospóid agus má chreideann tú:
- go bhfuil réamhcheart agat i leith an ainm fearainn. ( e.g tá seilbh agat ar
- thrádmharc, ainm trádála, ainm cuideachta, ainm clainne etc) agus
- go bhfuil an t-ainm cláraithe ag an sealbhóir reatha nó go mbaineann sé úsáid as chun críocha amhantracha nó maslacha,
is féidir leat agóid in aghaidh a chlárúcháin tríd an bpróiseas um Réiteach Malartach Aighneas (ADR) nó i ngáthchúirt.
Cad is nós imeachta ADR ann?
Is é ADR an bealach malartach le haighnis a bhaineann le hainmneacha fearainn a shocrú. Roghnaíonn formhór na ndaoine a gcuid aighneas a shocrú trí ADR toisc gur iondúil go mbíonn sé níos gasta agus níos áisiúla ná trí ghnáth-imeacht cúirte.
Déantar ADR d’ainmneacha fearainn .eu (nó a chuid malairtí i scripteanna eile) a thairiscint agus is féidir é a thosú trí na soláthraithe ADR seo a leanas.
Cúirt Eadrána na Seice (CAC)
Lárionad Eadrána agus Idirghabhála WIPO (Lárionad WIPO)
Cásanna ADR
- Is féidir iad a thionscnamh gan cúnamh ó ionadaí dlíthiúil.
- Déantar iad a stiúradh ar líne agus trí r-phost, agus dá bhrí sin ní bheidh ort taisteal.
- Déantar iad a réiteach le painéalaithe neamhspleácha, ní le breithiúna. Is minic a bhíonn na painéalaithe ina saineolaithe ar mhaoin intleachtúil.
- Is iondúil go reáchtáiltear iad i dteanga shealbhóir an ainm fearainn (mar a léirítear sa WHOIS) ach amháin má aontaítear a mhalairt. Mar ghearánach, féadfaidh tú iarraidh athrú go teanga oifigiúil eile de chuid an AE. D'fhéadfadh sé go ndéanfaí an t-iarratas seo a cheadú faoi rogha na bpainéalaithe, ach b'fhéidir go mbeidh feidhm ag táillí áirithe.
- Tógann sé ceithre mhí le hiad a réiteach ar an meán.
- Is rogha é atá níos inmharthana ó thaobh airgeadais de ná gnáthimeacht cúirte.
Costais ADR
Bíonn costais éagsúla ann ag brath ar líon na bpainéalaithe agus líon na n-ainmneacha fearainn a dhíospóideann tú.
Le haghaidh liosta iomlán táillí, féach ar láithreán gréasáin na soláthraithe éagsúla ADR
Do CAC: http://eu.adr.eu/adr/fees/index.php
Do Lárionad WIPO: https://www.wipo.int/amc/en/domains/fees/cctlds/eu/index.html
An tslí le tús a chur le nós imeachta ADR?
Níl ach cúpla céim i gceist chun tús a chur le nós imeachta um Réiteach Malartach Aighneas (ADR).
1. Roghnaigh Soláthraí
Chun cás nó nós imeachta a thosú, roghnaigh soláthraí ADR.
2. Comhdaigh an gearán
Chomh luath is atá soláthraí ADR roghnaithe agat, féadfaidh tú do ghearán a chomhdú trína láithreán gréasáin faoi seach. Le linn an phróisis sin ní mór duit sonraí do ghearáin a sholáthar chomh maith leis na hargóintí a chruthaíonn do chás. Chomh maith leis sin, tabharfar deis duit aon fhianaise ábhartha a cheangal go leictreonach.
3. Fan leis an gcinneadh
Is i scríbhinn a bheidh cinneadh an phainéil agus déanfar é a chur in iúl duit laistigh de thrí lá oibre tar éis don phainéal teacht ar chinneadh.
Cad a tharlóidh nuair a bheidh an nós imeachta ADR críochnaithe?
Má bhuann tú do chás:
- Má tá tú incháilithe chun ainmneacha fearainn a chlárú faoi .eu nó a chuid malairtí i
scripteanna eile, aistreofar an t-ainm fearainn chugat tar éis tréimhse achomhairc 30 lá féilire.
- Mura bhfuil tú incháilithe chun ainmneacha fearainn a chlárú faoi .eu nó a chuid malairtí i scripteanna eile, cuirfear an t-ainm fearainn ar fáil le haghaidh clárúcháin ghinearálta tar éis 40 lá féilire.
Má chailleann tú do chás:
- Bíonn rialuithe ADR ina gceangal dlí, ach amháin, má roghnaíonn tú an cinneadh a achomharc trí ghnáthchúirt dlí laistigh de 30 lá féilire.