Critéir chreidiúnaithe

Chun cáiliú i gcomhair creidiúnaithe mar chláraitheoir, ní mór duit, mar iarratasóir, na critéir seo a leanas a shásamh:

Coinníonn tú do láithreán gréasáin feidhmiúil féin.

Má thairgeann tú seirbhísí um chlárúchán ainmneacha fearainn, ní mór go mbeadh do láithreán gréasáin ar fáil i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus go mbeadh na nithe seo a leanas ann:

  • sonraí iomlána na cuideachta (amhail ainm oifigiúil na cuideachta, foirm dhlíthiúil, uimhir chlárúcháin, seoladh, teileafón, seoladh ríomhphoist, agus láithreán gréasáin);
  • tacaíocht chustaiméara i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh;
  • faisnéis shoiléir faoi na seirbhísí agus na praghsanna atá á dtairiscint agat;
  • seiceáil maidir le hinfhaighteacht fearainn nó nasc chuig whois.eurid.eu.

Má tá do chuid seirbhísí um chlárúchán ainmneacha fearainn á riar trí thríú páirtí, tá tusa fós freagrach as na tairiscintí a dhéanann aon tríú páirtí den sórt sin.          

Tá an inniúlacht theicniúil agat chun na seirbhísí um chlárúchán ainmneacha fearainn a chur chun feidhme agus tacú leo ar bhealach gairmiúil agus ceardúil.

Deimhníonn tú go bhfuil dea-chlú ort maidir le cúrsaí airgeadais (coimeádaimid an ceart againn féin tuilleadh cruthúnais ar do chobhsaíocht airgeadais a iarraidh).